Tionscnaimh chun go mbeidh Teacht ar phríomh-mhargaí agus tionscnaimh chun an margadh a fhorbairt fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD chéad Tuarascáil Bhliantúil na Roinne i ndáil le Teacht a bheith ar Mhargaí, ina dtugtar tuairisc ar an dul chun cinn mór atá déanta maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gnímh i ndáil le teacht a bheith ar mhargaí, a foilsíodh in Aibreán 2017, inniu. Leagtar béim sa tuarascáil ar an méid mór a baineadh amach le bliain go leith anuas lena n-áirítear teacht a bheith ar mhargadh mairteola na Síne, teacht a bheith ar mhargadh feola níos leithne Chuáit agus Chatar agus ar an obair ollmhór leanúnach eile a rinneadh i ndáil leis na hearnálacha déiríochta, bia mara agus ainmhithe beo.
Tugtar léargas ar an obair chúramach a dhéantar ag an leibhéal polaitiúil, taidhleoireachta agus oifigiúil chun na nithe sin a bhaint amach. Áirítear ar an obair sin ceistneoirí thar a bheith sonraithe a chomhlánú maidir le teacht a bheith ar mhargaí, iniúchtaí isteach a éascú nó deimhnithe sláinte tréidliachta a chomhaontú.
Dúirt an tAire ag an seoladh:
"Rud amháin a léirítear go soiléir sa tuarascáil seo ná an obair mhór atá á tabhairt chun críche ag réimse thar a beith leathan foirne, ar fud na Roinne, agus bíonn tionchar ag an obair a dhéanann na daoine sin ar theacht a bheith againn ar mhargaí agus ar thrádáil." Tá roinnt cás staidéir suimiúil sa tuarascáil chomh maith ar an taithí atá ag cuideachtaí aonair go dtí seo sna margaí nua."
Dúirt an tAire Creed freisin:
"Is príomhchuid de fhreagairt mo Roinne é ar na dúshláin a bheidh i gceist leis an mBreatimeacht go bhfuiltear ag díriú níos fearr ar theacht a bheith againn ar mhargaí agus ar thrádáil, agus tá sin ag teacht go mór le téama Foodwise 2025 maidir leis an margadh a fhorbairt. Bhain práinn níos mó leis an obair seo mar gheall ar an dúshlán atá i gceist leis an mBreatimeacht. Ach is straitéis fhadtéarmach atá ann go mbeidh teacht ag táirgeoirí bia na hÉireann ar mhargaí nua idirnáisiúnta agus glacann sé am na margaí nua sin a fhorbairt agus a fhás."
Dúirt an tAire chomh maith:
"Tríd is tríd, tá méadú ó thuairim is €2.7 billiún go dtí €3.6 billiún tagtha ar onnmhairithe agraibhia na hÉireann chuig tíortha lasmuigh den AE sa tréimhse ó 2014 go dtí 2018. Léiríonn sin fás an-tapa arb ionann é agus 36% sa tréimhse ceithre bliana sin."
Thapaigh an tAire Creed an deis chomh maith chun na háiteanna ina mbeidh misin thrádála Agraibhia an Rialtais ar siúl le linn na bliana 2019 a fhógairt.
Dúirt an tAire:
"Tá ról tábhachtach ag na misin thrádála chun margaí a fhorbairt, agus bhí mé féin thar a bheith gníomhach ina leith sin le blianta beaga anuas agus é mar aidhm againn teacht a bheith againn ar an oiread margaí domhanda agus ab fhéidir agus na margaí sin a fhorbairt agus láithreacht a bheith againn iontu. Tá sé i gceist agam i mbliana misin thrádála Agraibhia an Rialtais chun na Tuirce ag tús mí Mhárta, chun na Síne i mí Bealtaine, chun na Seapáine agus na Cóiré Theas i mí Meithimh, agus chun na hAilgéire agus na hÉigipte i mí na Samhna a stiúradh."
Beidh sé i gceist leis na misin thrádála seo bia agus deochanna na hÉireann, a bhfuil teacht orthu sna margaí sin cheana féin, a chur chun cinn, i gcomhar le Bord Bia agus le líonra na nAmbasáidí, agus caidrimh ag an leibhéal polaitiúil agus oifigiúil a fhorbairt tuilleadh.
"Is maith a thuigimse go bhfuil an lucht aitheantais a chastar orainn ag na misin sin ríthábhachtach do na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh chun go mbeidh teacht ag Éire ar mhargaí nua, chomh maith le cur leis na margaí a bhfuil teacht againn orthu cheana féin."
Chuir Príomhfheidhmeannach Bord Bia, Tara McCarthy, fáilte roimh fhógra an lae inniu agus dúirt:
"Cuireann Misin Thrádála faoi stiúir na nAirí deiseanna ar fáil chun go mbeidh teacht ag onnmhaireoirí na tíre seo ar mhargaí agus cuirtear deiseanna ar fáil do na honnmhaireoirí sin chomh maith atá ag iarraidh margaí nua a fhiosrú nó dul isteach i margaí nua agus tá a fhios agam go gcuidíonn na misin sin chun caidrimh thrádála níos láidre a chothú. De réir mar a bheidh an tionscal ag athrú agus ag méadú, beidh Bord bia ag leanúint den obair i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun Misin Thrádála spriocdhírithe sna margaí tosaíochta a chur ar fáil atá dírithe ar an bpróifíl atá ag tionscal bia agus dí na hÉireann a chur chun cinn agus gnó idirnáisiúnta a bhaint amach dó. Sa bhreis ar na Misin Thrádála, beidh Bord Bia rannpháirteach i mbliana sa líon is mó seónna trádála idirnáisiúnta go dtí seo ar fud 14 phríomh-mhargadh lena n-áirítear an Áise, Meiriceá Thuaidh, an Eoraip agus an Mheánoirthear."
In éineacht leis na misin thrádála seo atá ar na bacáin, beidh ceathrar attaché talmhaíochta breise le ceapadh i bpoist nua níos déanaí sa bhliain 2019 in Ambasáidí na hÉireann.
Dúirt an tAire Creed:
“Beidh mé ag cur le lorg domhanda mo Roinne. Tá ochtar attaché talmhaíochta ag mo Roinn faoi láthair a bhfuil poist acu in Ambasáidí san AE agus ar fud an domhain, lena n-áirítear Béising agus Washington DC. Tá sé i gceist agam anois an líonra sin a mhéadú 50%, agus poist bhreise sna príomh-áiteanna seo a leanas a chur ar fáil: Beirlín, Tóiceo, Súl agus Meicsiceo. Beidh caidrimh oifigiúla le hÚdaráis agus le Gníomhaireachtaí Inniúla sna tíortha sin a fhorbairt ina phríomhchúram dá gcuid oibre agus ba chóir go gcuideodh sin chun tuilleadh ratha a bhaint amach i ndáil leis na hiarrachtaí atá ar bun againn chun go mbeidh teacht againn ar mhargaí."
Is cuid den leathnú atáimid a iarraidh a dhéanamh ar lorg domhanda na hÉireann atá sna ceapacháin attaché talmhaíochta nua seo i gcomhthéacs an tionscnaimh Global Ireland 2025 a sheol an Taoiseach in 2018. Is é seo an t-athnuachan agus an méadú is uaillmhianaí atá déanta go dtí seo ar láithreacht idirnáisiúnta na hÉireann i dtéarmaí taidhleoireachta, cultúir, gnó, cúnamh thar lear, turasóireachta agus trádála.
Déanfar na attaché a earcú ar bhonn iomaíoch ón bhfoireann atá cáilithe go cuí laistigh den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
CRÍOCH
Is féidir teacht ar an Tuarascáil Bhliantúil i ndáil le Teacht a bheith ar Mhargaí ag marketaccess.agriculture.gov.ie.