Iarratais ar Mhaolú Níotráití 2019
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ag meabhrú d'fheirmeoirí gur féidir iarratas a dhéanamh anois ar líne ar Mhaolú Níotráití 2019. Is é an 31 Márta 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Moltar d'fheirmeoirí dul i dteagmháil lena gcomhairleoir talmhaíochta le fáil amach faoinar chóir dóibh leas a bhaint as an áis seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/environmentalobligations/nitrates/nitratesderogation.
Meabhraítear d'fheirmeoirí a chuir iarratas isteach ar Mhaolú in 2018 nach mór dóibh a gcuid Cuntas Leasacháin a chur isteach faoin 31 Márta 2019 freisin.
Tá fáil ar na Ráitis Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) deireadh bliana do 2018 ar chóras ar líne na Roinne ag www.agfood.ie.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'.
CRÍOCH