Cruinniú ag Creed le hAire nua Talmhaíochta na Tuirce
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD lena mhacasamhail féin sa Tuirc, an Dr Bekir Pakdemirli, an tAire Talmhaíochta agus Foraoiseachta, in Istanbul inniu (Déardaoin ). Bhain an cruinniú le deiseanna atá ann faoi láthair do chomhoibriú teicniúil agus trádála idir Éirinn agus an Tuirc i dtaobh táirgí agraibhia agus deiseanna a beadh ann amach anseo. Dhírigh na cainteanna ach go háirithe ar go mb'fhéidir go bhféadfaí eallaí beo a onnmhairiú as Éirinn go dtí an Tuirc arís.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Creed:
"Ba deis mhaith a bhí anseo chun nithe a bhí tábhachtach don dá thaobh a phlé leis an Aire Pakdemirli. Is margadh tábhachtach do bheostoc na hÉireann é margadh na Tuirce le roinnt blianta agus theastaigh uaim a chur ina luí ar an Aire an tábhacht a bhí le margadh na Tuirce d'Éirinn agus an fonn a bhí orainn dul i mbun trádála arís a luaithe agus is féidir."
D'fhéadfadh poitéinseal mór a bheith ag baint leis an Tuirc mar cheann scríbe d'onnmhairí eallaí as Éirinn cé go bhfuil ceadúnais onnmhairithe ar fionraí faoi láthair ag Aireacht na Tuirce de bharr ró-sholáthar ar mhargadh na Tuirce. Tá breis is 60,000 eallach curtha chun na Tuirce as Éirinn ó 2016, póraitheoirí agus eallaí le ramhrú tuilleadh ina measc. Cinntíonn an córas géar atá i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le rialuithe sláinte agus leasa ainmhithe ar thurais ar muir go mbaineann eallaí na hÉireann an Tuirc amach agus i mbail mhaith, rud a d'admhaigh toscaireacht na Tuirce.
Maidir leis an dóigh go ndéanfaí an margadh a oscailt arís, dúirt an tAire Creed:
"Tá tuiscint níos fearr anois againn ar an údar gur shocraigh Rialtas na Tuirce stopadh de cheadúnais nua allmhairithe a eisiúint i ndeireadh na bliana 2018. Tá imní sa Tuirc maidir le rósholáthar ar mhargadh na mairteola, ceist a bhfuil rún ag an Aire Pakdemirli dul i ngleic léi. Tá ríméad orm áfach gur thug an tAire le fios go bhfuil rún aige breathnú arís ar an margadh a athoscailt sa dara leath de 2019. Thug mé le fios do mo chomhghleacaí sa Tuirc go bhfuil spéis mhór ann ón tionscal dul i mbun trádála leo arís."
Phlé an bheirt Airí an ceangal dlúth atá idir Éire agus an Tuirc mar a bhaineann le comhoibriú agus malartuithe teicniúla:
“Smaoinigh mé féin agus an tAire Pakdemirli ar an tábhacht atá le malartuithe den chineál sin chun na caighdeáin is airde a thuiscint agus a choinneáil, réamhriachtanas i dtrádáil de chineál ar bith ar ainmhithe beo. D'aontaíomar go bhfiosródh oifigigh na deiseanna atá ann do chomhoibriú amach anseo agus tá cuairt ó fhoireann theicniúil na Tuirce, oifigigh ón Aireacht Talmhaíochta agus an ESK (Bord Feola agus Bainne na Tuirce) ina measc, beartaithe le linn Shamhradh 2019."
CRÍOCH
Tá TAIEX ar cheann de chuspóirí foriomlána beartais an Choimisiúin Eorpaigh, chun cuidiú i réimsí mar reachtaíocht AE (acquis) a chomfhogasú, a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Baintear leas as go minic chun cuidiú le próiseas aontachais tíortha atá ag fáil faoi réir le dul isteach san AE.
I mí Mheán Fómhair 2017 thug oifigigh tréidliachta an DAFM léachtaí agus ceardlanna d'Aireacht na Tuirce in Ankara ar an mbealach a gcuireann Éire dlíthe an AE maidir le Leas Ainmhithe i bhfeidhm - bhí suim mhór ar thaobh na Tuirce sa tslí a mbaineann Éire úsáid as pointí rialaithe, ionaid tionóil, margaí beostoic agus in iompar agus leas ainmhithe.
Rinne an Tuirc iarratas sa bhliain 2018 ar chead ón TAEIX cuairt a thabhairt ar Éirinn in 2019 chun dianstaidéar a dhéanamh ar na rialuithe éagsúla atá in úsáid ag an tír chun Leas Ainmhithe a chothabháil agus fuair sí an cead sin. Bhí siad in Éirinn ar feadh cúig lá, trí lá díobh sin a caitheadh ag tabhairt cuairt ar Mhonarchana Feola. Margaí Beostoic, Ionaid Tionóil agus Pointí Rialaithe.
Trádáil agraibhia Rinne Éire luach €56m de tháirgí agraibhia a onnmhairiú chun na Tuirce sa bhliain 2018 agus ba déirí €33m de sin agus b'fhiú €13m onnmhairí beo. D'allmhairigh Éire luach €15m de tháirgí agraibhia ón Tuirc. Ba torthaí agus glasraí nó táirgí torthaí agus glasraí-bhunaithe €11m díobh sin.