Bernie Gray Uasal ceaptha ina Cathaoirleach ar Coillte ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu, go bhfuil Bernie Gray Uasal ceaptha aige ina Cathaoirleach ar Coillte ar feadh tréimhse cúig bliana. Ceapadh Bernie Gray Uasal i ndiaidh próiseas iomaíoch arna chur i gcrích ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Ceapacháin chuig Boird Stáit.
Rinne an tAire an fógra agus dúirt:
"Tá áthas orm duine chomh cumasach le Bernie Gray a cheapadh sa ról mar Chathaoirleach ar Bhord Coillte. Tá taithí mhór aici ag fónamh ar Bhoird agus réimse scileanna aici i ndáil le bainistiú agus rialachas a bheidh chun leasa di i ndáil le forbairt straitéiseach na cuideachta. Tá forbairt agus athrú tagtha ar Coillte sna 30 bliain ó bunaíodh é agus táim ag súil lena rannpháirtíocht in earnáil na foraoiseachta in Éirinn, an méid a chuireann sé leis an earnáil sin agus an fhorbairt a dhéanfaidh sé ar an earnáil sin a fheiceáil."
Thapaigh an tAire Creed an deis chomh maith lena bhuíochas a chur in iúl don Chathaoirleach atá ag éirí as, an tUasal John Moloney, faoi mhaoirseacht a dhéanamh ar athstruchtúrú Coillte le linn a théarma, rud a chur ar chumas na heagraíochta a feidhmíocht agus brabúsacht a fheabhsú go mór:
"Táthar an-bhuíoch as an obair mhór atá déanta ag John mar go bhfuil bonn daingean faoi Coillte anois don todhchaí. Tá ríméad orm Bernie Gray a cheapadh anois chun Coillte a thabhairt chun cinn go dtí an chéad chéim fáis eile agus guím gach rath uirthi sa ról."
Is éard a bhí le rá ag Andrew Doyle TD, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht air i leith na Foraoiseachta:
"Ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh Bernie Gray mar Chathaoirleach ar Coillte agus aitheantas a thabhairt don obair a rinne an Cathaoirleach atá ag éirí as John Moloney. Tá ról tábhachtach ollmhór ag Coillte in earnáil foraoiseachta na hÉireann de bharr na sócmhainne foraoise móire atá sa tír seo. Táim ag súil le bheith ag obair le Bernie agus le Bord Coillte ar bhonn leanúnach d'fhonn leanúint leis an bhforaoiseacht in Éirinn a fhorbairt."
CRÍOCH
Rinneadh an ceapachán seo i ndiaidh próiseas iomaíoch arna bhainistiú ag PAS (An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí). Tá Bernie Gray Uasal ceaptha ar feadh tréimhse cúig bliana in éifeacht ón 13 Márta 2019.
Is Cuntasóir Deimhnithe Poiblí í Bernie Gray, a bhfuil saineolas ar leith aici i líon réimsí lena n-áirítear Rialachas Boird, bainistíocht athruithe, Acmhainní Daonna (AD), cóitseáil ghnó agus athstruchtúrú gnó. Bhain sí B.Sc amach i Riarachán Poiblí (Onóracha) i TCD agus bhain sí Dioplóma iarchéime i gCóitseáil Feidhmiúcháin amach i UCD. Is Stiúrthóir Cairte í chomh maith (Institiúid na Stiúrthóirí).
Bhí Bernie Gray ina Cathaoirleach ar Bhord EirGrid idir 2006 agus 2013. Bhí sí ag obair le Eircom roimhe sin, idir 1984 agus 2002, áit a raibh líon post bainistíochta aici laistigh de na réimsí Airgeadais agus AD agus bhí sí ina Stiúrthóir Acmhainní Daonna idir 1998 agus 2002. Bhí sí ina Oibrí is Stiúrthóir ar an gcuideachta chomh maith idir 1988 agus 1992.
Tá Bernie Gray Uasal ina comhalta faoi láthair ar an mBord Freagrachta sa Státseirbhís, ar Údarás Ceannais DCU agus ar Choiste Náisiúnta Iniúchta & Riosca CLG . Bhí roinnt post neamh-fheidhmiúcháin eile aici sa Stát agus san earnáil sheachbhrabúsach lena n-áirítear ina comhalta boird ar Eagraíocht na hÉireann um Sheirbhísí Íocaíochtaí, sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus Gnó sa Phobal in Éirinn.