Socruithe bainistithe cuótaí nua a thacóidh leis an Toirmeasc maidir le hÁbhar Muirí a chaitheamh ar ais i bhfarraige i ndáil leis na stoic iasc geal
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar thoradh ar chomhchomhairliúchán poiblí a bhí ann le gairid, tá polasaí cothromaithe cuótaí píolótach maidir leis na stoic iasc geal glactha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD Rinneadh an scéim phíolótach seo a fhorbairt ar iarratas ón gCoiste Comhairleach Bainistíochta Cuótaí, agus le cúnamh ón gCoiste Comhairleach Bainistíochta Cuótaí.
Tá sé beartaithe go gcuirfear an beartas píolótach cothromaithe cuótaí i ndáil leis na stoic iasc geal i bhfeidhm ón 1 Iúil 2019. Thug an tAire scéim phíolótach i ndáil le stoic pheiligeacha isteach an 1 Eanáir 2018 agus leanfar den scéim sin a chur i bhfeidhm.
Bíonn cothromú cuóta i gceist nuair a sháraíonn an méid éisc a chuireann soithíoch i dtír teorainn gabhála an tsoithigh sin i ndáil le tréimhse bainistithe iascaigh. Ní mór aon iasc a chuirtear i dtír a sháróidh an teorainn atá sannta do shoithíoch a aisíoc trí asbhaint a dhéanamh ar leithdháileadh amach anseo. Sa chás is go bhfuil an bharraíocht atá i gceist níos mó ná 10%, beidh cóimheas aisíoctha níos airde i gceist leis an mbarraíocht iomlán. De bharr gur córas píolótach é seo a bhaineann leis na stoic iasc geal, cuirfear cothromú cuótaí i bhfeidhm ar na cúig phríomhstoc tráchtála ar dtús agus beidh cothromú cuótaí le cur i bhfeidhm ar stoic eile ar bhonn céimnithe. Uirlis chaomhnaithe atá sa mbeartas píolótach cothromaithe cuótaí a thacóidh leis an tionscal an toirmeasc maidir le hábhar muirí a chaitheamh ar ais i bhfarraige, nó an oibleagáid gabhála, a chur i bhfeidhm go hiomlán agus ciallaíonn sé go mbeidh ar iascairí an t-iasc ar fad a ghabhtar a thabhairt i dtír.
Cé gur fháiltigh an tAire Creed roimh chur i bhfeidhm iomlán an toirmisc maidir le hábhar muirí a chaitheamh ar ais i bhfarraige, luaigh sé chomh maith na dúshláin a gcaithfidh tionscal iascaireachta na hÉireann aghaidh a thabhairt orthu.
Dúirt an tAire inniu:
"Tuigim go hiomlán go bhfuil athrú tagtha ar na cleachtais a bhí ag go leor d'iascairí na hÉireann mar gheall ar an toirmeasc maidir le hábhar muirí a chaitheamh ar ais i bhfarraige. Bhí mé ag obair i gcomhar le hionadaithe tionscail chun teacht ar bhealach atá praiticiúil chun tacú le cur i bhfeidhm an toirmisc. Cuirtear cuótaí iascaireachta na hÉireann a chaomhnú chun cinn faoin mbeartas píolótach cothromaithe cuótaí agus tacaítear chomh maith le leanúnachas idir an toirmeasc maidir le hábhar muirí a chaitheamh ar ais i bhfarraige agus bainistiú éifeachtach na gcuótaí."
Tá cóip den bheartas agus den leabhrán eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: www.agriculture.gov.ie/seafood/seafoodpolicy/forms.
CRÍOCH
Tá an Coiste Comhairleach Bainistíochta Cuótaí déanta suas d'ionadaithe ó thionscal na hiascaireachta a bhaineann leis na hearnálacha gabhála agus próiseála, agus cuireann sé moltaí faoi bhráid an Aire i ndáil le cuótaí iascaireachta na hÉireann a bhainistiú.
Tá córas Cothromaithe Cuótaí le tabhairt isteach chun cuidiú le cur i bhfeidhm iomlán na hOibleagáide Gabhála (nó an 'Toirmeasc maidir le hÁbhar Muirí a Chaitheamh ar ais i bhFarraige' mar is fearr aithne air), mar a fhoráiltear dó faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Beart caomhnaithe atá sa chóras cothromaithe cuótaí a chuideoidh leis an Aire an cuóta atá ar fáil a mheaitseáil leis an ngabháil iarbhír sa chaoi is go laghdaítear an spreagadh a bheadh ag iascairí ábhar muirí a chaitheamh ar ais i bhfarraige arís.
Is éard atá i gceist le cothromú cuótaí ná nach mór aon iasc a chuirtear i dtír a sháróidh an teorainn atá sannta do shoithíoch a aisíoc trí asbhaint a dhéanamh ar leithdháileadh amach anseo. Sa chás is go bhfuil an bharraíocht atá i gceist níos lú ná 10%, beidh cóimheas aisíoctha 1 le 1 i gceist. Baineann (1: 1) leis an mbarraíocht iomlán. Sa chás is go bhfuil an bharraíocht níos mó ná 10%, beidh cóimheas aisíoctha níos airde le gearradh ar an mbarraíocht iomlán, ó chóimheas aisíoctha 1 le 1.2 (1: 1.2), suas go dtí cóimheas aisíoctha de 1 le 2 (1: 2).
In Éirinn, is acmhainn phoiblí é an cuóta agus déantar é a bhainistiú d'fhonn a chinntiú nach mbronntar cearta maoine ar oibritheoirí aonair. Is gné ríthábhachtach atá anseo d'fhonn a chinntiú nach bhfuil cuótaí dírithe ar chuideachta móra iascaireachta idirnáisiúnta a bhfuil na hacmhainní airgeadais ag na húinéirí chun cearta den chineál sin a cheannach ach nach bhfuil aon cheangal acu le pobail cois chósta na hÉireann.
Tá an Cothromú Cuótaí a bhfuil an Roinn ina bhun neamhspleách ar aon ghníomh a mheasann nó a ghlacann na húdaráis rialaithe.