Fógartha ag Creed go bhfuil tús luath curtha le Réamhíocaíochtaí GLAS 2019
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. go gcuirfear tús an tseachtain seo le réamhíocaíochtaí 2019 maidir le GLAS (an Scéim Ghlas, Íseal-Charbóin, Agra-chomhshaoil). Tá na híocaíochtaí seo á ndéanamh coicís níos luaithe ná mar a rinneadh anuraidh agus déanfar na híocaíochtaí le líon níos mó feirmeoirí ná mar a rinneadh blianta roimhe seo faoin scéim.
Dúirt an tAire; “Tá ríméad orm a dheimhniú go gcuirfear tús le réamhíocaíochtaí GLAS an tseachtain seo agus go bhfaighidh 38,000 feirmeoir íocaíochtaí ar fiú breis is €134m iad. Is tacaíocht luachmhar a bheidh sna híocaíochtaí sin d'fheirmeoirí ar fud na hÉireann agus beidh fáilte mhór rompu sa gheilleagar tuaithe i gcoitinne. Tá ríméad orm go bhfuil tús curtha leis an híocaíochtaí seo roimh an am a bhí beartaithe agus 10 lá níos luaithe ná anuraidh. Tá aontú faighte agam chomh maith ón gCoimisiún Eorpach maidir le réamhíocaíocht níos airde 85% do 2019.”
Dúirt an tAire freisin;“Tá mé sásta a dheimhniú gurb ionann líon na bhfeirmeoirí a bhfuil íocaíocht faighte acu mar chuid den chéad chéim seo de réamhíocaíochtaí agus méadú 5,000 ar líon na bhfeirmeoirí a fuair íocaíocht le linn na chéad chéime anuraidh.”
Dúirt an tAire freisin “Príomhscéim agra-chomhshaoil na hÉireann is ea GLAS trína gcuirtear buntáistí maidir leis an aeráid, bithéagsúlacht agus cáilíocht an uisce ar fáil ar fheirmeacha in Éirinn. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann leis na hearraí poiblí, mar aon leis an ról atá ag CAP len iad a bhaint amach. Mholfainn do gach páirtí leasmhar a bheith rannpháirteach i bpróiseas comhairliúcháin CAP atá ar siúl faoi láthair chun cuidiú todhchaí bheartas agra-chomhshaoil na hÉireann a mhúnlú.
Mar fhocal scoir, mheabhraigh an tAire do rannpháirtithe na scéime go leanfar de na híocaíochtaí faoin scéim seo a eisiúint de réir mar a bheidh cásanna aonair á gceadú, agus go mbeidh sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm i rith na seachtainí amach romhainn chun sin a chinntiú. Ba chóir d'fheirmeoirí a raibh foireann na Roinne i dteagmháil leo agus ceisteanna acu maidir lena n-iarratas nó feirmeoirí nach bhfuil cáipéisí curtha ar aghaidh acu go fóill acu mar foirmeacha maidir le Pórtha Neamhchoitianta nó Leathadh Astaíochtaí Ísle freagra a thabhairt agus a chinntiú go bhfuil siad ag sásamh riachtanas na Scéime chomh luath agus is féidir d'fhonn an íocaíocht a éascú. Mhol an tAire chomh maith do líon beag rannpháirtithe i nGLAS 3 nach bhfuil Cúrsa Traenála GLAS curtha i gcrích go fóill acu sin a dhéanamh láithreach.
Is féidir le feirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu teagmháil a dhéanamh le deasc cabhrach GLAS ar an uimhir 076 106 4451.
Tá síneadh curtha le huaireanta oscailte dheasc cabhrach GLAS. Beidh feirmeoirí ábalta glaoch a chur ar an Roinn idir 9.00am agus 1.00pm Dé Sathairn an 9 Samhain. Ina theannta sin, cuirfear uaireanta breise ar fáil go dtí 8.30pm ó Dé Luain an 11 Samhain go dtí Dé Céadaoin an 13 Samhain.
I measc na bpríomhbhuntáistí atá i gceist don timpeallacht faoi scéim GLAS, áirítear:
CRÍOCH