Óráid tugtha ag an Aire Stáit Doyle ag Biofarm 2019 – Comhdháil um Fheirmeoireacht Bhitheolaíoch na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Labhair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. ag “BioFarm 2019 - Comhdháil um Fheirmeoireacht Bhitheolaíoch na hÉireann” i bPort Laoise inniu, atá dírithe ar na hacmhainní atá ag an talmhaíocht le dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Leag an tAire Doyle béim ar na roghanna atá ar fáil d'fheirmeoirí ina leith sin trí Scéim Feirmeoireachta Orgánaí agus Scéim Agrafhoraoiseachta na Roinne. Thug an tAire Doyle ar aird an lear buntáistí a bhaineann leis an agrafhoraoiseacht a ndearnadh plé orthu ag an gComhdháil inniu, agus dhírigh sé aird ar na deontais mhóra €6,220 an heicteár mar aon le préimh bhliantúil suas le €660 an heicteár atá ar fáil faoin Scéim Agrafhoraoiseachta. Dúirt seo chomh maith go bhfuil an córas agrafhoraoiseachta “.. an-fheiliúnach d'fheirmeoirí a bhfuil spéis acu san fhoraoiseacht ach atá ag iarraidh go bhfanfaidh a gcuid talún i mbun táirgeadh talmhaíochta agus dá bhrí sin, creidim gur fiú go mór smaoineamh air.”
Maidir le fadhb an athraithe aeráide, dúirt an tAire go bhfuil “cáil an-mhaith ar tháirgeoirí bia agus ar fheirmeoirí na hÉireann ar fud an domhain i leith inbhuanaitheacht an bhia agus na ndeochanna a tháirgimid”. D'admhaigh sé go bhfuil tuilleadh gníomhaíochta ag teastáil chun dul in oiriúint do na hiarmhairtí a bhaineann leis an athrú aeráide, leochaileacht a laghdú agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach agus thug le fios gur fhoilsigh a Roinn féin a céad Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide maidir le Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara le gairid d'fhonn cuidiú na cuspóirí sin a bhaint amach.
Mar fhocal scoir dúirt sé “Tá deiseanna ann, tá an margadh ag éileamh táirgí níos inbhuanaithe agus tá córas beostoic féarbhunaithe na tíre seo ar cheann de na córais is fearr atá ann, ach tá a fhios againn gur féidir linn tuilleadh a dhéanamh, agus go gcaithfidh muid tuilleadh a dhéanamh”.
Is imeacht dhá lá atá sa Chomhdháil seo agus leanfaidh sí ar aghaidh Dé Céadaoin an 6 Samhain.
Nótaí d'Eagarthóirí
Biofarm 2019
Is é an National Organic Training Skillnet (NOTS) a d'eagraigh an Chomhdháil seo atá ar siúl ar feadh dhá lá i bPort Laoise, Co. Laoise – ón 5 go dtí an 6 Samhain 2019. Mar chuid den Chomhdháil, tugtar saineolaithe idirnáisiúnta ar mhaolú an athraithe aeráide, speisialtóirí ar ithir agus saineolaithe agrafhoraoiseachta le chéile. I gcuideachta feirmeoirí, saothróirí, taighdeoirí agus comhairleoirí, déanfaidh siad plé ar mar is féidir úsáid a bhaint as feirmeacha chun carbón a cheapadh.
Agrafhoraoiseacht
Is córas úsáide talún í agrafhoraoiseacht ina saothraítear crann in éineacht le talmhaíocht ar an talamh céanna. Tríd an gcóras seo, tugtar solúbthacht d'úinéirí talún chun ainmhithe a chur ar féarach agus fiú sadhlas agus féar tirim a bhaint sa pháirc chéanna ina bhfuil crainn á saothrú le haghaidh adhmaid. Leis an agrafhoraoiseacht, is féidir adhmad ar ardchaighdeán a shaothrú gan mórán de thionchar, nó tionchar ar bith, a imirt ar an táirgeadh talmhaíochta atá ar siúl cheana. Feileann an córas seo feirmeoirí a bhfuil suim acu san fhoraoiseacht ach nach bhfuil ag iarraidh an táirgeadh talmhaíochta atá á déanamh ar a gcuid talún a chur ó mhaith. Tá rogha na hAgrafhoraoiseachta ar fáil d'úinéirí talún faoi Scéim Foraoiseachta na Roinne mar chuid den chlár reatha Foraoiseachta.
Féarach agus Ceapadh Carbóin
Ó thaobh an athraithe aeráide de, tá sé d'acmhainn ag ithreacha féaraigh CO2 san atmaisféar a cheapadh, rud a d'fhéadfadh cuidiú an t-athrú aeráide a mhaolú. Tá 4 mhilliún heicteár d'fhéarach in Éirinn, nó 90% den réimse talmhaíochta.
Feirmeoireachta Orgánach
Cuireann na prionsabail agus modhanna a úsáidtear san fheirmeoireacht orgánach cleachtais chun cinn atá ábalta oibriú taobh le córais nádúrtha agus a chuidíonn le feabhas a chur ar an timpeallacht agus í a chosaint. Ó thaobh na hoibríochta de, leagtar béim ar an ithir a chothú trí úsáid a bhaint as ábhar nádúrtha, seachnaítear an gá atá le luibhicídí, fuingicídí agus feithidicídí trí úsáid a bhaint as uainíocht na mbarr, leagtar béim ar leas is mó a bhaint as pórtha ainmhithe atá níos feiliúnaí amuigh faoin aer, lena n-áirítear pórtha traidisiúnta, cuirtear a dhóthain spáis ar fáil nuair atá ainmhithe le coinneáil istigh agus ní bhaintear úsáid as GMOnna.
CRÍOCH