Tom Arnold ceaptha ag an Aire Creed chun Cathaoirleacht a dhéanamh ar Choiste maidir le Straitéis Agraibhia na hÉireann a fhorbairt go 2030
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., go bhfuil an tUasal Tom Arnold ceaptha chun cathaoirleacht a dhéanamh ar choiste trína bhforbrófar Straitéis Agraibhia na hÉireann go 2030. Dúirt an tAire Creed “Tá ríméad orm gur ghlac Tom Arnold le mo chuireadh don ról seo. Mar gheall ar an obair mhór atá déanta aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus mar gheall ar an meas atá air laistigh agus lasmuigh den earnáil, creidim gur Cathaoirleach den scoth a bheidh ann. Cuideoidh an t-eolas agus an saineolas atá aige ar chúrsaí talmhaíochta, i mbia agus sa gheilleagar go mór leis sa ról tábhachtach seo sna míonna amach romhainn.”
Straitéis Agraibhia go dtí 2030
Is é Food Wise 2025 an straitéis reatha deich mbliana don earnáil agraibhia a leagtar amach i sraith pleananna leanúnacha deich mbliana atá curtha i bhfeidhm ón mbliain 2000 i leith. Déantar iad a athnuachan gach cúig bliana agus cuireadh tús le hullmhúcháin níos luaithe i mbliana le comhairliúchán poiblí agus le ‘Díospóireacht Oscailte Beartais’ le gairid inar tháinig 400 páirtí leasmhar le chéile i Staid an Aviva chun réimse saincheisteanna atá roimh an earnáil a bhreithniú. Mar chuid den chéad chéim eile sa phróiseas chun straitéis a fhorbairt ceapfar Coiste páirtithe leasmhara chun an straitéis a dhréachtú. Táthar ag súil go dtabharfar an straitéis chun críche faoi shamhradh 2020.
Tá Tom Arnold ina Chathaoirleach ar Thascfhórsa ar Cheantair Thuaithe na hAfraice atá bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach. I measc na ról a bhí aige roimhe seo, bhí sé ina Ard-Stiúrthóir ar an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha, ina Chathaoirleach ar an gCoinbhinsiún ar an mBunreacht agus ina Phríomhfheidhmeannach ar Concern Worldwide. D'fhóin sé ar roinnt comhlachtaí rialtais agus neamhrialtais ag leibhéal náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta lena n-áirítear Tascfhórsa Ocrais Thionscadal Mílaoise na NA, Tascfhórsa Ocrais na hÉireann, Lárchiste Freagartha Éigeandála na NA agus Coimisiún Cánachais Rialtas na hÉireann, i measc comhlachtaí eile. Níos túisce ina shaol oibre, bhí sé ina Phríomh-Eacnamaí agus ina Ard-Rúnaí Cúnta i Roinn Talmhaíochta agus Bia na hÉireann, agus ina Chathaoirleach ar Choiste Talmhaíochta an OECD. Tá céim aige san eacnamaíocht talmhaíochta ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá céimeanna máistreachta aige ó Leuven University agus ó Choláiste na Tríonóide.
Nótaí d'Eagarthóirí
Fógrófar comhdhéanamh Choiste Agraibhia 2030 sna seachtainí amach romhainn.
CRÍOCH