Feasacht go Gníomh in aghaidh AMR ar Lá Feasachta Eorpach maidir le hÚsáid Antaibheathach 2019
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá béim leagtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD ar an dúshlán domhanda a bhaineann le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (AMR) inniu, Lá Feasachta Eorpach maidir le hÚsáid Antaibheathach (EAAD) atá ag tarlú le linn Sheachtain Feasachta Domhanda 2018 maidir le hÚsáid Antaibheathach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) (18 –24 Samhain 2019).
Rinne WHO cur síos ar AMR a bheith ina “tubaiste nach mór a bhainistiú ar bhonn práinneach”. Dúirt an tAire Creed go bhfuil AMR ina ábhar imní tromchúiseach ó thaobh sláinte phoiblí de agus ina dhúshlán chomh maith ó thaobh sláinte agus leas ainmhithe agus ó thaobh ár dtimpeallacht chomhroinnte de. Chomh maith leis sin, dúirt an tAire nach mór antaibheathaigh a chosaint ar mhaithe le daoine agus ainmhithe araon, agus go mbaineann barrthábhacht leis an idirghabháil maidir le straitéisí chun an úsáid a bhaintear as antaibheathaigh sna hearnálacha sláinte daoine agus ainmhithe a laghdú chun dul i ngleic le AMR. Dúirt an tAire Creed gur féidir gníomhartha a dhéanamh chun sláinte ainmhithe a fheabhsú agus galair a chosc d'fhonn cuidiú leis an úsáid a bhaintear as na hantaibheathaigh seo a laghdú.
Tá cur chuige ‘One Health’ glactha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an Roinn Sláinte maidir le AMR agus spreagann siad iarrachtaí i gcomhar i ndisciplíní éagsúla ar fud earnálacha éagsúla ar nós sláinte, talmhaíocht agus an comhshaol chun na torthaí sláinte is fearr a bhaint amach do dhaoine agus d'ainmhithe. Thug an tAire aitheantas don chomhoibriú agus ceannaireacht leanúnach atá léirithe ag páirtithe leasmhara an tionscail ar fud na n-earnálacha cúram sláinte daoine, agraibhia agus comhshaoil chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le AMR.
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sásta an “Chomhdháil maidir le Frithsheasmhacht Fhrithmhicróbach agus Fhrith-heilminteach ONE HEALTH – Feasacht go Gníomhaíocht” a bheidh ar siúl sa Tullamore Court Hotel Dé Céadaoin an 27 Samhain 2019 a eagrú go comhpháirteach. D'fháiltigh an tAire roimh an gcomhdháil seo mar bhealach chun béim a leagan ar an ábhar imní leanúnach atá ar fud an domhain maidir le Frithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach agus leis an mbagairt a d'fhéadfadh a bheith ag baint léi do shláinte daoine agus ainmhithe, mar aon leis na dúshláin a bhaineann le slándáil bia agus an comhshaol. Is léiriú an chomhdháil seo ar thiomantas leanúnach na hÉireann dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le AMR agus dírítear ar níos mó feasachta a chruthú i measc feirmeoirí agus gairmithe atá ag obair i dtionscal an agraibhia. Chomh maith leis sin beidh béim ar ghníomhaíochtaí praiticiúla atá soiléir agus gonta is féidir a dhéanamh ar fheirmeacha in Éirinn chun an gá atá le hábhar frithmhiocróbach agus frith-heilminteach a úsáid a laghdú.
Mar fhocal scoir, thug an tAire aitheantas don tacaíocht agus comhoibriú leanúnach le páirtithe leasmhara sa tionscal, go háirithe baill choiste earnáil sláinte ainmhithe an iNAP atá ag obair chun go leor de na gníomhartha atá i bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2017-2020 a bhaint amach. Ní féidir an plean feidhmiúcháin uaillmhianach don earnáil sláinte ainmhithe agus comhshaoil a bhaint amach gan páirtithe leasmhara éagsúla ag glacadh róil ceannaireachta agus a bheith ag obair i gcomhar.
Nótaí d'eagarthóirí
Cad is AMR ann?
Is é is frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ann ná frithsheasmhacht miocrorgánaigh in aghaidh druga a bhí éifeachtach roimhe sin chun cóireáil a chur in aghaidh ionfhabhtuithe a mbíonn an miocrorgánach lena mbaineann ina gcúis leo. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus seadáin) in ann ionsaí a sheasamh ó dhrugaí frithmhiocróbacha amhail drugaí frithbhaictéaracha (e.g. antaibheathaigh), drugaí frithfhungasacha, drugaí frithvíreasacha agus drugaí frithmhaláireacha. Dá bhrí sin, ní éireoidh le cóireálacha caighdeánacha ina n-aghaidh agus ní bheifear in ann fáil réidh leis an ionfhabhtú dá bharr sin, rud a mhéadóidh an baol go scaipfear an t-ionfhabhtú chuig daoine eile.
Tagraíonn frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach go sonrach do fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a tharlaíonn i mbaictéir choitianta atá ina gcúis le hionfhabhtaithe. Is téarma níos leithne atá i gceist le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, ina gcuimsítear frithsheasmhacht do dhrugaí chun ionfhabhtuithe a chóireáil a mbíonn miocróibí eile ina gcúis leo freisin.
Cén tionchar atá ag AMR?
I dTuarascáil ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach sa bhliain 2009, measadh gur baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí ba chúis le thart ar 25,000 bás duine san Aontas Eorpach (AE) amháin sa bhliain 2007. Measadh go raibh costais chúram sláinte agus caillteanais táirgeachta ar fiú €1.5 billiún iad ag baint leo freisin. Luadh sa Tuarascáil chomh maith go mbuaileann ionfhabhtú atá bainteach le cúram sláinte thart ar 4 mhilliún othar in AE gach bliain. (COMHTHUARASCÁIL THEICNIÚIL Ó ECDC ‘The Bacterial Challenge: time to react’ (2009)).
Cad a chiallaíonn 'One Health?'
Tá coincheap ‘One Health’ ina straitéis dhomhanda a bhfuil sé mar aidhm léi comhar agus cumarsáid idirdhisciplíneach a mhéadú ar gach gné de chúram sláinte do dhaoine agus d’ainmhithe agus don chomhshaol. Aithnítear le cur chuige ‘One Health’ gur fite fuaite ina chéile atá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais. Mar sin, is é an aidhm atá leis sláinte agus folláine gach speiceas a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar a mhéadú idir lianna, tréidlianna agus gairmithe eile sláinte eolaíche agus comhshaoil agus trí láidreachtaí a chothú i measc ceannairí agus bainisteoirí chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Trí thionscnamh ‘One Health’, atá sínithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), tá comhaontú idirnáisiúnta ann gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar fud earnáil shláinte an duine agus na hearnála sláinte ainmhithe, na hearnála talmhaíochta agus na hearnála comhshaoil i gcoitinne má táthar chun dul i ngleic leis an mbagairt a ghabhann le AMR ar an tsláinte phoiblí ar fud an domhain.
Ag leibhéal náisiúnta, rinne an Príomhoifigeach Míochaine (CMO) agus an Príomhoifigeach Tréidliachta (CVO) ón Roinn Sláinte agus ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi seach, an Coiste Comhairleach Náisiúnta Idir-rannach um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach a bhunú sa bhliain 2014 mar chuid de thionscnamh ‘One Health’ agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar chur chuige iomlánaíoch náisiúnta maidir le hoibriú le chéile chun a chinntiú go mbeidh fáil ann ar antaibheathaigh éifeachtacha sa todhchaí.
Cé na forbairtí eile atá ar bun ag leibhéal idirnáisiúnta i ndáil le AMR?
I mí an Mheithimh 2016, ghlac an Chomhairle Eorpach sraith conclúidí maidir AMR faoin teideal ‘The next steps under a ‘One Health’ approach to combat antimicrobial resistance’. D’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta ón WHO.
I mí Mheán Fómhair 2016, ghlac Comhthionól Ginearálta na NA Dearbhú Polaitiúil maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach. Athdhearbhaíodh leis an Dearbhú sin gurb é an Plean Gníomhaíochta Domhanda AMR ón WHO, mar aon lena chúig chuspóir straitéiseacha uileghabhálacha, an treoirphlean le haghaidh dul i ngleic le AMR. Athdhearbhaíodh sa Chomhthionól Ginearálta na gealltanais atá tugtha ag na tíortha pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ullmhú bunaithe ar na cúig chuspóir straitéiseacha atá sa Phlean Gníomhaíochta ón WHO.
I mí an Mheithimh 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an dara plean gníomhaíochta AMR dar teideal 'A European One Health Action Plan against Antimicrobial Resistance (AMR)'. Cuireann an dara plean gníomhaíochta sin leis an tiomantas polaitiúil agus leis na gníomhartha a baineadh amach leis an gcéad phlean gníomhaíochta ón AE (2011-2016). Is é sprioc uileghabhálach an phlean nua éifeachtúlacht na n-ábhar frithmhiocróbach a chaomhnú ionas go mbeidh siad ina rogha éifeachtach cóireála galair do dhaoine agus d’ainmhithe amach anseo.
Is é iNAP an fhreagairt ó Éirinn do na héilimh idirnáisiúnta sin go n-ullmhófaí plean gníomhaíochta ilearnálach chun dul i ngleic le AMR. Tá Éire lántiomanta d’aghaidh a thabhairt ar réiteach a fháil ar fhadhb AMR agus tá sí lánghafa san obair sin. Leanfaimid de dhul i mbun comhair ar leibhéal idirnáisiúnta, AE agus náisiúnta chun na críche sin.
Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2017-2020 le fáil ag:
Leathanach gréasáin AMR na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara le fáil ag
CRÍOCH