Réamhíocaíocht €747m faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2019 fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) 2019 (lena n-áirítear Glasú).
Dúirt an tAire; “Tá mé sásta a dheimhniú go bhfuil tús curtha inniu le réamhíocaíochtaí faoin BPS, ar fiú €747 milliún iad do 114,500 feirmeoir a eisiúint. Is tacaíocht ríthábhachtach na híocaíochtaí seo d'fheirmeoirí ar fud na tíre agus cuireann siad go mór le hioncam agus sreabhadh airgid san earnáil a uasmhéadú.”
Dúirt an tAire freisin; “Is tosaíocht mhór do mo Roinn íocaíochtaí a eisiúint chuig an líon is mó feirmeoirí agus is féidir faoin dáta is luaithe is a cheadaítear faoi reachtaíocht an AE, faoi réir cheanglais riachtanacha na Scéime a bheith á gcomhlíonadh. Dá réir sin, tá aontú faighte agam ón gCoimisiún Eorpach maidir le réamhíocaíocht níos airde 70% do 2019 seachas an 50% a raibh soláthar déanta ina leith i reachtaíocht an AE.”
Dúirt an tAire freisin “tá réamhíocaíocht faighte ag 1,500 feirmeoir breise sa chéad sraith íocaíochtaí i mbliana le hais na réamhíocaíochtaí a rinneadh ag an tráth seo anuraidh. Is ionann sin agus €15 milliún breise. Ar an iomlán, tá thart ar 94% d'iarrthóirí incháilithe atá i dteideal BPS 2019 ag fáil na réamhíocaíochta ag an dáta is luaithe agus is féidir. Leanann mo Roinnse ag obair chun éifeachtúlacht na n-íocaíochtaí seo le feirmeoirí a uasmhéadú, agus tuigim go maith an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí dá leithéid d'fheirmeoirí.”
Chomh maith leis sin, leanfar de bheith ag eisiúint íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2019 (ANC) de réir mar a bheidh cásanna atá i dteideal íocaíochta á gceadú. Dúirt an tAire Creed freisin “tá beagnach €932 milliún eisithe chuig feirmeoirí na hÉireann le mí anuas faoin réamhíocaíocht BPS agus faoi na réamhíocaíochtaí ANC araon.”
Labhair an tAire arís faoin tiomantas atá aige a chinntiú go dtabharfar tús áite d'íocaíochtaí le feirmeoirí; "Is féidir liom a dhearbhú d'fheirmeoirí go leanfar le heisiúint na n-íocaíochtaí faoin dá scéim de réir mar a bheidh cásanna aonair á gceadú, agus go mbeidh sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm i rith na seachtainí atá romhainn chun sin a chinntiú. Ba chóir d'fheirmeoirí a raibh an Roinn i dteagmháil leo le ceisteanna maidir lena n-iarratas freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir leo chun na híocaíochtaí a éascú."
Tá síneadh curtha le huaireanta oscailte na Líne Cabhraí anois maidir le hÍocaíochtaí Díreacha chun éascaíocht a dhéanamh d'fheirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-íocaíochtaí BPS nó ANC. Beidh feirmeoirí ábalta glaoch a chur ar an Roinn Dé Sathairn an 19 Deireadh Fómhair ar an uimhir 076 106 4420 idir 9.00am agus 1.00 pm, agus cuirfear síneadh leis na huaireanta go dtí 8.30pm Dé Luain an 21 go dtí Dé Céadaoin an 23 Deireadh Fómhair.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire “mar gheall ar an tábhacht mhór a bhaineann le go leor de na scéimeanna atá i bhfeidhm faoi láthair, scríobh mó Roinnse chuig gach feirmeoir le gairid chun leagan amach an sceidil íocaíochta do na scéimeanna sin sna míonna atá romhainn a chur in iúl dóibh. Táim tiomanta dena chinntiú go leanfar de na híocaíochtaí a eisiúint ar an mbealach is éifeachtúla agus is féidir lena chinntiú go gcuirfear na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo ar fáil d'fheirmeoirí in am trátha.”