Aitheantas tugtha ag an Taoiseach don mhéid a chuireann an Talmhaíocht le geilleagar na hÉireann: Creed “Ní mór dúinn greim a choinneáil ar Chomhfhís don Earnáil”
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ghlac 400 toscaire ó ar fud earnáil Agraibhia na hÉireann páirt i gcomhdháil inniu d'fhonn comhfhís a fhorbairt don earnáil agraibhia go dtí 2030. Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D “Tá an Díospóireacht Oscailte Beartais seo ina cloch mhíle shuntasach sa phróiseas chun straitéis deich mbliana a fhorbairt don earnáil dhúchasach is tábhachtaí atá againn. Tá léargais fhiúntacha faighte againn mar gheall ar chainteanna an lae inniu trína gcuirfear eolas ar fáil don phróiseas straitéiseach pleanála seo agus trína gcuirfear é chun cinn”.
Labhair an Taoiseach Leo Varadkar T.D. ag an gcomhdháil níos túisce sa lá, agus thug sé aitheantas don mhéid ríthábhachtach a chuireann an earnáil leis an ngeilleagar, “Is é an tionscal dúchasach is tábhachtaí atá againn ná Agraibhia a tháirgeadh. Tá fás 73% tagtha ar luach onnmhairíochta na hearnála le deich bliana anuas. Tá sé ag tarraingt ar €14 billiún i láthair na huaire – figiúr thar na bearta. Trí Foodwise, ba mhaith leis an Rialtas an figiúr seo a ardú go dtí €19 billiún faoi 2025. Chomh maith leis sin, cuireann an tionscal go mór le fostaíocht – thart ar 7.7% den fhostaíocht iomlán sa tír. Is é uaillmhian an Rialtais a chinntiú go leanfar de bhia ar ardchaighdeán, atá sábháilte, inrianaithe agus cothaitheach a tháirgeadh trí thalmhaíocht in Éirinn agus go ndéanfar an comhshaol a chosaint agus a fheabhsú ag an am céanna. Leanfaidh an Rialtas de thosaíocht a thabhairt don Chomhbheartas Talmhaíochta agus don bhuiséad do CAP.”
Phléigh toscairí réimse téamaí ag an díospóireacht oscailte beartais inniu, lena n-áirítear treochtaí domhanda atá ag dul i bhfeidhm ar thodhchaí an agraibhia; stocáireamh ar an timpeallacht beartais dhomhanda agus Eorpaigh; agus an taithí atá ag tír Eorpach eile, An Ísiltír, maidir le straitéis a fhorbairt i leith ré nua.
Mar chuid de shé sheisiún théamacha ina dhiaidh sin, clúdaíodh réimsí ar nós:
Dúirt an tAire Stáit Andrew Doyle T.D. “Inniu Lá Domhanda an Bhia, agus is tráthúil deis a bheith ag páirtithe leasmhara agraibhia teacht le chéile chun mar is féidir le hÉirinn forás a dhéanamh mar gheall ar chomh maith is atá ag éirí le Food Wise 2025 a bhreithniú. Ba chóir dúinn a bheith mórtasach go mbaineann ár dtáirgí tomhaltóirí amach i mbreis agus 180 tír ar fud an domhain agus cé go bhfuil go leor dúshlán roimh an earnáil, idir ioncaim feirme agus an gá atá le gníomhú níos mó ar son na haeráide, tá go leor deiseanna ann freisin”.
Maidir le tiomantas an Rialtais don earnáil seo, dúirt an tAire Creed “I mbuiséad na seachtaine seo caite, tugadh tús áite do thacaíochtaí don earnáil agraibhia agus iascaigh sa chás go mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann. Cuirfidh mo Roinnse tús le híocaíochtaí €747 milliún a dhéanamh le feirmeoirí inniu. Mar aon leis na híocaíochtaí ANC a rinneadh i mí Mheán Fómhair, ciallaíonn sé go bhfuil breis agus €930 milliún eisithe chuig feirmeoirí le mí anuas, ag tréimhse ríthábhachtach ina bhfuil feirmeoirí ag tabhairt aghaidh ar chuid de na billí is mó sa bhliain".
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Creed, “In ainneoin go leor athruithe a bheith sa teicneolaíocht agus sa tsochaí le 10 mbliana anuas, tá sé thar a bheith tábhachtach fós na bunphrionsabail a bheith ceart ó thaobh cúrsaí bia de – is é sin bia sábháilte agus cothaitheach a tháirgeadh, ar bhealach chomh hinbhuanaithe agus is féidir – i ndáil leis an ngeilleagar, an comhshaol agus an tsochaí.”
“Baineann dúshlán mór le gníomhú ar son na haeráide – agus is fíor go mbeidh astaíochtaí carbóin ann mar thoradh ar bhia a tháirgeadh agus is cosúil gur rud é sin a dhéanann go leor daoine dearmad air. Ceapaim gur mór an trua é go bhfuil cur chuige doicheallach glactha ag roinnt daoine i leith na talmhaíochta i gcomhthéacs an ghníomhaithe ar son na haeráide. Ní mór dúinn an scéal sin a athrú – go háirithe trína léiriú go bhfuilimid ag déanamh gach rud is féidir chun astaíochtaí a laghdú agus a chúiteamh trí úsáid a bhaint as an eolaíocht agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil. Tríd an bPlean Gníomhaíochta Uile-Rialtais ar son na hAeráide, cuirfear leis an iarracht náisiúnta i gcomhréir lena lorg carbóin trí astaíochtaí a laghdú agus an méid carbóin a bhaintear a mhéadú. Ceann de na fadhbanna suntasacha a bheidh roimh lucht déanta beartas agus roimh an tionscal agus muid ag tabhairt aghaidh ar an gcéad deich mbliana eile ná na huaillmhianta atá againn chun an earnáil agraibhia a fhorbairt a réiteach leis na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Is cuid de shraith comhairliúchán é an comhairliúchán seo maidir leis an gcéad Straitéis Agraibhia eile ag Éirinn go dtí 2030 atá mar chuid de chur chuige na Roinne i leith beartas cuimsitheach a fhorbairt.
Is é deireadh an lae gnó, Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair 2019 an dáta deiridh don chomhairliúchán.
Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán, mar seo a leanas: