Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh Chomhaontú maidir le hiascach faoitín gorm d'Iascairí na hÉireann ar fiú €11.5 milliún é
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD roimh an gcomhaontú atá bainte amach i Londain idir an tAontas Eorpach, An Iorua, Oileáin Fharó agus an Íoslainn maidir le hiascach faoitín gorm don bhliain 2020.
Dúirt an tAire “Tugann an comhaontú seo cobhsaíocht don iascach fíorthábhachtach seo d'iascairí na hÉireann. Beidh méadú beag ann i gcomparáid le 2019 agus beidh cuótaí tuairim is 38,500 tonna ann in 2020 d'Éirinn.”
Chomhaontaigh na páirtithe ar ghabháil iomlán incheadaithe 1,161,616 tonna atá go hiomlán i gcomhréir le comhairle eolaíochta na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES).
Dúirt an tAire Creed ina dhiaidh sin “Cuirtear fáilte i cónaí le cobhsaíochta in earnáil na hiascaigh go hairithe sa lá atá inniu ann nuair nach bhfuil mórán cinnteachta ann. Baineadh amach an comhaontú an tseachtain seo tar éis idirbheartaíochtaí ar ghlac Éirinn rannpháirtíocht ghníomhach iontu. Cuirfear na cuótaí seo ar fiú thart ar €11.5 milliún iad d'iascairí na tíre seo i bhfeidhm an bhliain seo chugainn. Chomhaontaigh na páirtithe a ghlac páirt sna hidirbheartaíochtaí idirnáisiúnta coicís ó shin cuótaí Ronnach a mhéadú 41% don bhliain 2020 i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíochta, beidh cuóta anois ar fiú breis agus €80m é ag iascairí na hÉireann a bhainfidh go díreach lenár n-earnáil gabhála do 2020.”
Thug an tAire aitheantas freisin don chúnamh a thug Foras na Mara agus ionadaithe ó earnáil na hiascaireachta do thoscaireacht na hÉireann.
CRÍOCH