Glao Oscailte ar aighneachtaí maidir le Plean Straitéiseach CAP - anailís SWOT seolta ag Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag leanúint den chruinniú is déanaí de chuid Choiste Comhairleach CAP, tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. go bhfuil rún aige glao oscailte ar aighneachtaí maidir le Plean Straitéiseach CAP - Anailís SWOT a sheoladh.
Tá an glao oscailte ar aighneachtaí ina chuid de phróiseas comhairliúcháin CAP i ndiaidh 2020, faoina n-éilítear ar gach Ballstát anailís a dhéanamh ar Láidreachtaí, Laigí, Deiseanna agus Bagairtí (SWOT) an limistéir gheografaigh a chlúdaítear faoin Phlean Straitéiseach CAP agus chun teagmháil a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe leasmhara lena chinntiú go dtugann SWOT léiriú iomlán ar an gcás.
Reáchtálfar an glao oscailte ar aighneachtaí ar feadh tréimhse cúig seachtaine ó amárach Dé Luain an 9 Meán Fómhair go dtí Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair 2019.
Maidir leis an gcéad chéim eile de phróiseas CAP i ndiaidh 2020, dúirt an Aire Creed, “Táimid anois ag tabhairt aghaidh ar an gcéad chéim thábhachtach eile de phróiseas CAP i ndiaidh 2020. Beidh baint an-tábhachtach ag cruth agus leagan amach Phlean Straitéiseach CAP na hÉireann leis an gcaoi a bhfeidhmeoidh feirmeoirí na tíre go ceann seacht mbliana eile. Leagfar béim níos mó ar go ndéanfadh feirmeoirí tuilleadh maidir lena bhfuil geallta acu i dtaobh an chomhshaoil agus ag an am céanna go leanfaidh siad de bhia a tháirgeadh de réir na gcaighdeán is airde ó thaobh cáilíochta agus sábháilteachta. Maidir le Plean Straitéiseach CAP, ní mór tiomantas a léiriú i leith ceantair thuaithe a fhorbairt ar bhonn leanúnach, fostaíocht a chruthú agus go háirithe, cionn tairbhe ceart a dhéanamh i ndáil le hinbhuanaitheacht comhshaoil’’.
Nóta d'eagarthóirí
Féadfaidh páirtithe agus páirtithe leasmhara a bhfuil spéis acu an Glao Oscailte ar aighneachtaí a fhreagairt ar roinnt bhealaí:-
Beidh an doiciméad comhairliúcháin agus na foirmeacha aighneachta ar fáil trí na naisc seo a leanas ó amárach, Dé Luain an 9 Meán Fómhair 2019:
Tabhair ar aird gur Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair 2019 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.
CRÍOCH