Meabhrúchán – Iarratais ar Mhaolú Níotráití 2020
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba mhaith leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a mheabhrú d'fheirmeoirí gurb é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais faoin Maolú Níotráití 2019 ná an 24 Aibreán 2020.
Moltar d'fheirmeoirí dul i dteagmháil lena gcomhairleoir talmhaíochta lena fháil amach faoinar chóir dóibh leas a bhaint as an áis seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo anseo.
Ba chóir iarratais a dhéanamh ar líne.
Meabhraítear d'fheirmeoirí a rinne iarratas ar Mhaolú in 2019 nach mór dóibh a gcuid Cuntas Leasacháin a chur isteach faoin 24 Aibreán 2020 freisin.
Is féidir teacht ar na Ráitis Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) deireadh bliana do 2019 ar chóras ar líne na Roinne ag www.agfood.ie.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'.