Glao do scéim nua faoi stiúir áitiúil chun talamh portaigh a bhfuil feirmeoireacht déanta air a fhliuchadh arís seolta ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá glao do scéim nua faoi stiúir áitiúil chun talamh portaigh a bhfuil feirmeoireacht déanta air a fhliuchadh arís seolta inniu ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett. Is Glao Oscailte é seo faoi Chlár Forbartha Tuaithe na Roinne Talmhaíochta ag úsáid samhail Thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP).
Dúirt an tAire Hackett:
"Buaicphointe de chuid an Chláir Forbartha Tuaithe is ea na scéimeanna faoi stiúir áitiúil seo. Tá siad pobal-bhunaithe, agus tugann siad feirmeoirí le chéile ar mhaith leis an gcúis chéanna, agus tá tairbhí cearta timpeallachta mar thoradh orthu ar fud na tíre. Tá íocaíochtaí torthaí-bhunaithe, agus is aitheantas iad ar na tairbhí timpeallachta a chuireann feirmeoirí ar fáil maidir le cúrsaí bithéagsúlachta agus gníomhaithe ar son na haeráide. Ag tráth seo na géarchéime aeráide agus bithéagsúlachta, tá na scéimeanna seo ag cur táirgí insoláthartha tábhachtacha ar fáil a thacaíonn leis an dúlra. Tá ríméad orm a bheith ag fógairt glao nua inniu don bheart sonrach seo chun ithreacha portaithe ar thalamh feirme a fhliuchadh arís a fhiosrú."
Díreoidh an Glao Oscailte seo ar thailte portaithe draenáilte sa réigiún lártíre agus lorgaíonn moltaí chun scéim a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun díriú ar ghníomhú ar son na haeráide ar thalamh portaigh atá faoi bhainistíocht talmhaíochta. Tá sé mar aidhm leis bealaí nua le dul i ngleic le dhúshláin atá roimh na tailte seo a fhorbairt, bealaí ina gcuirfear bealach nua chun cinn ar fáil.
Lorgófar roghanna bainistithe talún inmharthana d'fheirmeacha faoin scéim seo ag leibhéal ceantair agus bainfear amach cuid de na cuspóirí seo go léir, nó iad go léir:
Dúirt an tAire Hackett chomh maith:
"Is féidir leis an mbealach a bhainistímid ár tailte portaigh ról tábhachtach a bheith aige i ndáil le carbón a thógáil as an timpeallacht agus cuidiú linn dul i ngleic le hathrú aeráide. Uaillmhian thábhachtach sin i gclár an Rialtais. Fianaise atá sa ghlao seo ar an uaillmhian sin agus cuirfidh sé ceachtanna tábhachtacha ar fáil don chéad chlár Forbartha Tuaithe eile agus do bhainistiú ár dtailte portaigh."
Tá tacaíocht don Ghlao Oscailte struchtúrtha timpeall ar chiste iomaíoch. Déanfaidh coiste gach iarratas a mheas maidir lena n-ábharthacht don chlár EIP agus an cumas atá ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá mar thoradh ar thailte portaigh talmhaíochta. Cuirfear gearrliosta deiridh le chéile óna ndéanfaidh DAFM tionscadal amháin nó níos mó a roghnú le cur i bhfeidhm le linn na bliana 2021 agus na bliana 2022, agus cuirfear suas le 100% den mhaoiniú ar fáil faoin tionscnamh nua.
Tá DAFM ag tacú cheana féin le 23 clár faoi stiúir áitiúil ar fud na tíre. Taispeántar nuálaíocht cheart leis na scéimeanna seo agus tá siad dírithe ar thorthaí is féidir a thomhas i dtéarmaí aeráide, bithéagsúlachta agus uisce chomh maith le himharthanacht na bhfeirmeoirí atá páirteach a fheabhsú.
CRÍOCH
Ba chóir iarratais a chur ar aghaidh faoin 5pm ar an 23 Deireadh Fómhair 2020 chuig EIP@agriculture.gov.ie
Is féidir cáipéis threorach ar an nGlao Oscailte seo a íoslódáil ó láithreán gréasáin na Roinne ag www.agriculture.gov.ie nó teagmháil a dhéanamh ar EIP@agriculture.gov.ie nó glaoch a chur ar an uimhir 0761 064 415.