Dúirt Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht, a bhí i láthair ag an imeacht, "Thug Éire tacaíocht láidir do thionscnamh na Náisiún Aontaithe ó thús an phróisis", agus leag sé béim ar an tábhacht a bhain leis an Uachtarán Higgins a bheith ag cur crann dúchasach na hÉireann chun Bliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí na hÉireann a sheoladh. Dúirt an tAire freisin go gcuirfeadh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na príomhtheachtaireachtaí ón tionscnamh i bhfeidhm ag imeachtaí ábhartha i rith na bliana, ar nós Bloom agus na Comórtais Náisiúnta Treabhdóireachta.