Fáilte curtha ag an Roinn roimh mholadh don Chúlchiste Náisiúnta in 2020
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha inniu ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara roimh an moladh atá déanta ag an gCoiste Comhairleach um Íocaíochtaí Díreacha maidir le leanúint den Chúlchiste Náisiúnta in 2020.
I ndiaidh comhairliúchán ar bhí ar siúl idir an Roinn agus an Coiste Comhairleach um Íocaíochtaí Díreacha, ina gcuimsítear baill ó na príomhchomhlachtaí feirmeoireachta agus ó na soláthraithe comhairleacha agus oideachais talmhaíochta, déanfar soláthar anois chun iarratais a dhéanamh ar an gCúlchiste Náisiúnta in 2020. Faoi Rialacháin an AE trína gcuirtear taca faoi oibriúchán an Chúlchiste Náisiúnta, tugtar rochtain tosaíochta do na catagóirí éigeantacha 'Feirmeoir Óg' agus 'Iontrálaí Nua san Fheirmeoireacht'. Is trí athlíonadh nádúrtha an chiste a mbainfear amach maoiniú don Chúlchiste Náisiúnta in 2020 gan gá a bheith le ciorrú líneach de réir luach na dteidlíochtaí ar fad faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí. Táthar ag súil gur thart ar €3 mhilliún an ciste a chuirfear ar fáil don Chúlchiste Náisiúnta do 2020, a bheidh leordhóthanach de réir líon na n-iarratas a fuarthas le blianta beaga anuas chun an t-éileamh a shásamh.
Faigheann iarratasóirí a n-éiríonn lena n-iarratas don Chúlchiste Náisiúnta leithdháileadh teidlíochtaí de réir luach an Mheáin Náisiúnta nó breisiú suas chuig luach an Mheáin Náisiúnta ar theidlíochtaí atá faoi bhun an mheáin náisiúnta.
Cuirfear na sonraí ar fad maidir le hoibriú na scéime, na Téarmaí agus Coinníollacha san áireamh, ar fáil nuair a osclófar an scéim d'iarratais ar líne i mí Feabhra 2020 an tráth céanna a mbeifear ag oscailt na n-iarratas ar líne do Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí. Is an 15 Bealtaine 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais faoin Scéim.
Cé nach gcuirfear Téarmaí agus Coinníollacha mionsonraithe an Chúlchiste Náisiúnta don bhliain 2020 ar fáil go dtí go seolfar na scéimeanna d'iarratais ar líne i mí Feabhra, táthar ag súil go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha ag teacht leis na cinn a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas.
Nótaí d'eagarthóirí
Sainmhíniú ar 'Feirmeoir Óg'
Ní mór d'iarratasóir na coinníollacha seo a leanas a shásamh le bheith cáilithe mar 'feirmeoir óg':
Sainmhíniú ar 'Iontrálaí Nua san Fheirmeoireacht'
Sainmhínítear 'Iontrálaí Nua san Fheirmeoireacht' mar:
Critéir cháilíochta eile
De réir na riachtanas faoi na scéimeanna Cúlchiste Náisiúnta ó tugadh isteach Scéim na hÍocaíochta Aonair in 2005, beidh ar iarratasóirí cáilíocht chuí oideachais sa talmhaíochta a bheith bainte amach acu.
Chomh maith leis sin, beidh ar iarratasóirí a n-éireoidh leo ioncam comhlán lasmuigh den fheirm atá níos lú ná €40,000 a bheith acu i gceann amháin de na blianta cánach 2018 nó 2019.
CRÍOCH