An tríú cruinniú den Tascfhórsa Mairteola reáchtáilte ag DAFM
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Reáchtáladh an tríú cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola inniu an 25 Meitheamh trí fhíschomhdháil. Cuireadh an nuacht is déanaí ar fáil do bhaill an Tascfhórsa Mairteola i scríbhinn roimhe sin maidir leis an obair a rinne an Tascfhórsa i mí na Bealtaine.
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD a bhunaigh an Tascfhórsa Mairteola de bhun comhaontaithe an 15 Meán Fómhair 2019.
Is éard a dúirt an tAire Creed:
"Tá dul chun cinn mór déanta i ndáil le maith a dhéanamh de na gealltanais a rinneadh faoin gcomhaontú don earnáil mairteola. Leanadh den obair ar na gníomhartha atá le cur i bhfeidhm faoin gcomhaontú don earnáil mairteola le linn na paindéime agus tá áthas orm gur féidir leanúint den rannpháirtíocht idir páirtithe leasmhara gan bheann ar na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le daoine a bheith ag teacht le chéile."
Dúirt an tAire chomh maith:
"Tugann sé misneach dom a chloisteáil faoin dul chun cinn atá déanta ar na staidéir i ndáil le Trédhearcacht Margaí ag Grant Thornton, mar go bhfuil trédhearcacht riachtanach chun caidrimh a mbainfidh an dá dhream leas astu a choinneáil ar fud an tslabhra soláthair chun todhchaí mhairteoil na hÉireann a chinntiú."
Ag cruinniú an lae inniu, rinne Bord Bia cur i láthair ar staid an mhargaidh mar atá faoi láthair chomh maith leis an eolas is déanaí a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an dréacht-iarratas chuig an gCoimisiún Eorpach chun Stádas PGI a bhaint amach do mhairteoil fhéar-chothaithe na hÉireann.
Déanfar na miontuairiscí a comhaontaíodh agus na cáipéisí cuí leis an eolas is déanaí a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an DAFM chomh luath agus is féidir: agriculture.gov.ie/farmingsectors/beef/beeftaskforce.
CRÍOCH