Tús curtha le hÍocaíochtaí Comhardaithe do Bhliain 3 faoi Scéim Leasa na gCaorach fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí comhardaithe faoi bhliain 3 de Scéim Leasa na gCaorach. Tá an Scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann, 2014-2020.
Dúirt an tAire Creed:
"Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois le 15% de na híocaíochtaí comhardaithe a eisiúint faoi Scéim Leasa na gCaorach. Is ionann an íocaíocht sin agus €1.82M agus is cúnamh airgeadais í a mbeidh fáilte roimhe ag an am seo a bhfuil feirmeoirí ag tabhairt aghaidh ar chúinsí dúshlánacha."
Le tús curtha leis na híocaíochtaí comhardaithe, is ionann anois an t-iomlán atá íoctha le beagnach 18,500 feirmeoir faoi Bhliain 3 de Scéim Leasa na gCaorach agus beagnach €16 milliún. Tabharfaidh an íocaíocht cúnamh mór airgeadais d'fheirmeoirí aonair, don earnáil caorach go ginearálta agus don gheilleagar tuaithe níos leithne.
Ar deireadh d'iarr an tAire ar fheirmeoirí a bhfuil fiosruithe fós le réiteach acu freagra a chur chuig an Roinn ar an bpointe chun go mbeifear ábalta an íocaíocht a dhéanamh. Leanfar leis na híocaíochtaí a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a bheidh incháilitheacht feirmeoirí á deimhniú i ndáil le feirmeoirí a bhfuil fiosruithe fós le freagairt acu.
CRÍOCH